Oró 'Sé Do Bheatha Abhaile

Jacobite Lyrics Padraig Pearse Lyrics Hauling Home Refrain
Curfá:

Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile.
Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile.
Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile.
Anois ar theacht an tSamraidh.

A Shéarlais Óig, a mhic Rí Shéamais
'Sé mo mhór-chreach do thriall as Éirinn
Gan tuinnte bróig' ort, stoca nó leinidh
Ach do chascairt leis na Gallaibh

Curfá

'Sé mo léan géar nach bhfeicim
Mura mbéinn beo 'na dhiaidh ach seachtain
Séarlas Óg is míle gaiscioch
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh

Curfá

Tá Séarlas Óg ag triall thar sáile
Béidh siad leis-san, Franncaigh is Spáinnigh
Óglaigh armtha leis mar ghardaí
'S bainfidh siad rinnce as éiricigh!

Curfá

Curfá:

Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile.
Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile.
Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile.
Anois ar theacht an tSamraidh.

'Se do bheatha, a bhean ba leanmhar!
Do b'é ár gcreach tú bheith i ngeibhinn
Do dhúthaigh bhreá i seilbh meirleach
Is tú díolta leis na Gallaibh.

Curfá

Tá Gráinne Mhaol ag tíocht thar sáile
Oglaigh armtha léi mar gharda
Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh

Curfá

'Sé 'ghuím le Rí na bhFeart go bhfeiceam
Muna mbeinn beo ina dheoidh ach seachtain
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh

Curfá

"Oro, sé do bheatha abhaile!
Is fearr liom tu ná céad bo bainne
Oro, sé do bheatha abhaile!
Tá tu maith le rátha.